DIT Level 2: Room 2-019
Introduced by Siún nic Gearailt, Nuacht, RTÉ
“Is fearr an troid ná an t-uaigneas”: Athmhúnlú Chonradh na Gaeilge agus an t-éirí amach
Sna blianta roimh éirí amach na Cásca, bhí díospóireacht ghéar ar siúl taobh istigh de Chonradh na Gaeilge. Ar cheart dó cúrsaí polaitíochta a sheachaint? Nó ar cheart dó a bheith ar thaobh saoirse na tíre? Tugann cúrsaí seo an Chonartha léargas ar obair na ndaoine a bheadh páirteach san éirí amach, ar mheon na tíre roimh 1916, agus ar pholaitíocht na teanga.
Aindrias Ó Cathasaigh, staraí agus scríbhneoir. Údar “1916: Seachtar na Cásca”
“Pádraig Mac Piarais – Scríbhneoir, Iriseoir, Eagarthóir, Conraitheoir, Athbheochantóir, Oideachasóir, Abhcóide agus Saighdiúir”.
Léacht ghinearáltal i nGaeilge faoi Phádraig Mac Piarais a thabharfadh léargas don phobal ar cé chomh hildánach is a bhí an Piarsach.
Íte Ní Chionnaith, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, 1985-89, agus Iar-Léachtóir le DIT.
“Ó Pheann an Phiarsaigh”
Sleachta as dráma aonair nua le Noel Ó Gallchóir as Gaoth Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill. Sa léiriú pearsanta corraitheach seo cuirtear bladhm bheochta an athuair faoi shaothar scríofa Phádraig Mhic Phiarais (1879-1916). Scríobhta le tacaíocht ó Foras Na Gaeilge.
Photograph courtesy of the RTÉ Archives